Peadar Ó Cualáin
Cosúil leis an ngruagach féin, is duine an-rúnda an scríbhneoir. I gcathair Chorcaí a tógadh é, agus is i seansráideanna na cathrach sin atá a chroí i gcónaí.
Is faoi Mhártan, buachaill aonarach atá ina chónaí lena Mhama ar Shráid an Iarla, atá na trí leabhar sa tsraith. Buachaill beag fiosrach é Mártan, agus is minic go bhfeiceann sé agus go gcloiseann sé rudaí nach mbaineann dó - rudaí a bhaineann le saol na ndaoine fásta. Is minic, freisin, é i dtrioblóid mar gheall air seo.
Úrscéalta lán le mistéir na seansráideanna agus le draíocht na hóige atá sa tsraith 'Sráid an Iarla', agus iad scríofa i nGaeilge bhreá shimplí an Iarthair, feilúnach do léitheoirí os cionn naoi mbliana d'aois.
Bithiúnaigh
Peadar Ó Cualáin€9.00
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é - sin duine a théann ar lorg rudaí móra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá - d'fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú. Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidh an Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!
Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
An Gruagach
Peadar Ó Cualáin€7.50
Agus madraí á ngoid ar fud an bhaile tagann fear mór dubh (nó an Gruagach, mar a thugann Mártan air) agus bean óg fhionn chun cónaithe in Uimhir 2, Sráid an Gheata Bhig. Nuair a imíonn an madra beal dorais gan tasc gan tuairisc cuireann Mártan speis sna comharsana nua. Cé hé an Gruagach? Cé tá ag fuadach na madraí?
Tráthnóna geimhridh ar a bhealach abhaile dó feiceann Mártan reithe mór i lar an bhaile. Ar lorg an reithe dó tagann sé ar ghairdín an Ollaimh, agus ar cheol binn na feadóige. Cé leis an reithe? Céard a thugann go gairdín an Ollaimh é? Agus cé hé an ceoltóir bocht atá ar thóir na feadóige?